Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 021
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní raibh sé indon a dhul thairis.
Bhí a fhios go maith ag Pádhraig gur faoi na cloiche sin bheadh an croca óir agus chuir sé an “bóchaill” abhaile i gcoinne bir iarann leis an chloich do bhogadh. Cheap Pádhraig nuair a gheobhadh sé an “Bóchaill” imthighthe go mbeadh an saidhbhreas ar fad aige féin. Thóg sé an cloch agus bhí cana faoí. Bhí firín beag shíos ann agus séard dubhairt sé: “nár dhubhairt mé leat aréir leath de’n saidhbhreas a thabhairt de’n “bhóchaill.” Bheul anois mar gheall ar thú bheadh ró-ghlic ní gheobhadh tú tada,” agus leis sin d’imigh sé as amharc. Tá an rath sin le feicsint go fóill ach tá sé clúdaidhthe le sgeachaibh anois.
I “Leisín na bPáiste san mbaile s’againne bíonn éan mór i gcomhnuidhe ann agus creideann na daoine gur aingeal atá ann ag faireadh. Tá an t-éan níos mó ná smólach agus níos lugha ná préachán. Deireann na sean-daoine go bhfuil an t-éan annsin leis na bliantaibh. - PósaidhtheIs ins an Inid agus in dhiaidh an Charghaois a phósann an chuid is mó des na daoine timcheall na h-áite seo, agus bíonn puis ar na mná nach mbíonn pósta roimh “Domhnach a Phuis”.i. an Domhnach roim Céadaoin na Luaithre.(leanann ar an chéad leathanach eile)