Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 055

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 055

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 055
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Na Fataí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Ó" arsa an mac ba shine, "ba mhaith liomsa an rud céadna a dhéanamh." Mharbhuigh sé a bhean agus amach leis agus a bhean istigh i mála ar a dhruim aige. Chas Gárda air agus d'fiafruigh an Ghárdadhe céard a bhí ins an mala aige. Thóg sé an fear go dtí an Cúirt é, agus do dhaoradh é chun a chrochta.
    Tomás Breathnach, (feilmeoir)
    Is ó m’athair Micheál Breathnach.
    Gort A' Colladh,
    Mágh Cuilinn, a fhritheadh an t-eolas seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Na Fataí
    Mar aon rud eile cuireann muid fataí sa bhfeirm gach bliadhain. Ullmhuigheann m'athair an talamh in-a gcóir agus cuireann sé aoileach ann roimhré. Cuireann daoine síol na bhfataí i n-iomairí agus drilleanna. Deintear na hiomairí le céacht agus le láidhe. Tá céachtaí adhmaid ar úsáid fós sa cheanntar seo. Ceannuigheann cuid de na daoine iad agus tá cuid de na daoine in-ann iad a dhéanamh iad féin.
    Tagann na comharsanna le chéile ag cur na bhfataí. Cuireann gach duine spray ar na fataí i gcoinnibh an duibh. Tosuigheann cuid de na daoine ag baint na bhfataí an tseachtmhain deire de Mheadhon
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Bairéad
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leargain, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Bairéad
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Leargain, Co. na Gaillimhe