School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 020
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ins a Currach. Is i bhfeilm sean-fhear darb ainm Pádhraig Ó Bótháin a bhí sé agus seo é an rud a thárla.
Bhí Pádhraig an oidhche seo agus bhí sé féin agus a bhean ag comhrádh cois teine agus séart a bhí Pádhraig a’ rádh ná go gcaithfeadh sé tosnúghadh ag treabhadh an lá ina dhiaidh sin. Lean leobh ag cainnt, agus i gceann tamaill cé shiubhalfadh isteach an doras fosgailte, ach neacht. Chuir an sean-lánamhain fáilte an-mhór roimhe. Thug an bean taoscán bainne agus ceapaire aráin dó agus d’fhág sé ag ithe é.
Séard dubhairt sé le Pádhraig nuair a bhí sé réidh ná:
“Chualas go mbeith tú ag treabhadh amárach. Bhuel! Anois treabh an páirc sin shíos go bhfuil an rath ann. Ar maidin nuair a bhéas tú ag obair tóg suas an chéad chloch a chuireas stop ar an chéacht agus beidh croca oir ann. Acht ar t-anam ná dean dearmad leath de a thabhairt de’n ‘bhócaill’ (an fear aimsire) agus leis sin bhí an neach imthighthe.
Bhí go maith. Ar maidin le h-eirighe gréine bhí an sean-fhear in a shuidhe, an chapall gleasta aige agus é féin agus an “bhóchaill” ar an mbealach go dtí an pháirc. Ní túisge annsin iad ná thosuighdear ag treabh go n-imithigheadar go dtí lár an rata. Stop an cheacht annsin mar gheall ar go raibh cloch mór roimhe agus(continues on next page)