School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 046
- XML “Amhrán”
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán (continued)
“Ní mórán amhrán faoí dhaoine nó áiteacha ag daoine na h-áite seo, acht seo cuid de na giotaíbh atá acu”
(continued from previous page)Bhí fear san áit seo uair agus (sé)bhíodh sé ag dul go 'chuile ceard d'Éirinn ag obair. Bhí cheithre páistí aige agus rinne sé bhéarsa fá'n áit a rugadh iad:
"Cúige Laighean a rugadh Bríghid
Cúige Mumhan mo Sheáinín,
Isteach sa m'theach a rugadh Beartla
Agus thiar sa móin, mo Mháirín."fritheadh an sgéal thuas ó Thadg O Maidín (feilmeóir)
Cill a' Clogáin,
Mágh Cuilinn.- Tomhaiseanna
Tá go leor tomhaiseanna againn sa mbaile. Seo cuid acu.
Tá rud eicínt ag imtheacht leis an gcárr agus ní féidir leis an carr teacht gan é.
Freagra: An torann.
Cén rud a bhfuil in ndán eitilt gan aon sgiathán.
Freagra: Deanach an bhóthair.
Cé(n) mhéid gob a bhuaileas cearc ar an urláir chun deich gráinne choirce a ithe.
Fregra: Aon ghob amháin
Tá sé san móinfhéar as mé gearrtar é, tá sé sa siopa as ní díoltar é, tá sé san teine agus ní dóightear é.
Freagra: Gath gréine.
Cosa fada, ceathramha cama, ceann beag gan aon t-súil
Freagra: An tlú.(continues on next page)