School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 032
- XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé amhlaidh. Dubhairt an Naomh go ndéanfadh sé fairiughadh leis, an oidhche sin. Dubhairt sé leis freisin go raibh sórt faitchís air gurb é an diabhal a bhí ann.
Mar sin féin chuaidh sé go dtí an teach moch go leor sa tráthnóna agus duine dá chuid mánach agus leabhar mór ag gach duine acu. Nuair a tháinig sé go dtí an teach dubhairt sé leis an fear dul in a chodladh, agus dá mba' é an diabhal a bhí ann go dtiocfadh sé san lá.Ní raibh siad i bhfad ann gur tháinig an diabhal agus thug an Naomh sgeilp dó de bhachall. Amach leis an diabhal agus do lean an Naomh agus a mhanach é agus chuir siad amach thar na sléibhte é. Séard adubhairt an Naomh in a dhiaidh sin: "Bhí muid leis ariamh" adeir sé "gur chuir muid amach thar "Tul na Sgeiche" é is gur chuir muid i loch annsin é agus ní fillfidh sé aríst go réidh"
Tá a lán daoine ainmnighthe "Nioc" in a dhiaidh. Is ar an séamhadh lá de Nodlag atá a fhéile. - Áit-ainmneachaIns an áit s'againne níl coill nó gleann nó áit ar bith eile nach bhfuil ainm ar leith ar an áit. seo cuid acu:
Goirtín na cille: Bhí cill ins an ngort seo fadó, agus is ó'n gcill sin a h-ainmnigheadh an bhaile(continues on next page)