School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 024
  3. XML “Pósaithe”
  4. XML “An Doineann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a bhí sa leabaidh go ndubhairt: "Má tá do athair beo sin é é." Bhí a fhios ag an fear gurb é a mac a bhí sa leabaidh agus bhí ríméad mór air.
    Dubhairt sé le na bhean an cáca a ghearradh. Rinne sí amhlaidh agus bhí an cáca líonta le sobhairn.
    Bhíodar saidhbhear go deo in a dhiaidh sin.
    Bhíodh na sagairt ag na bainisí fadó agus bobhta amháin bhí an píobaire mar cúlóg ag sagart. Séard dubhairt an sagart: "Sin rud nach bhfaca tú ariamh roimhe - an píobaire mar cúlóg ag sagart.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An Doineann
    Díreach naochadh naoi bliadhain ó shoin bhí stoirm mhór ann. Oidhche na feothann móire a tugtar air. An oidhche sin ní raibh rud ar bith le cloisteál ach an stoirm ag séideamh na craoinnte agus gá stróiceadh as an talamh. Ní chloisfeá an tóirneach féin leis an fómán nó an fuamán a bhí leis an ngaoith.
    Bhí bean in a cómhnuidhe i gCill a’Clogáin a bhí beagán éadtrom sa ceann. Is ag siubhal amach a bhí sí an lá sin- agus ní bréag lá a thabhairt uirthi acht an oiread. Shílfeá gur lá samhradh a bhí ann. Ach an bhean seo, bhí sí ag siubhal di féin nuair a bhris an aimsear go tobann. Rith sí léithe agus bhí sí leath-mhíle ó’n teach nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. severe weather (~1,727)
    Language
    Irish