Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 068
- XML “An tAonach”
- XML “Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní bhíonn sé ann anois ar chor ar bith. Bíonn aonach i nEiscir gach mí do mhuca.
Tomás Breathnach,
Gort a’ Colladh
Is ó m’athair Micheál Breathnach a fritheadh an teolas seo. - Éadaighe
Ta triúr táilliúir san parróiste seo, beirt fhear agus bean. Oibrigheann siad ina dtíghthibh féin, acht fadó theigheadh siad ó thigh go tigh de réir mar a bhíodh obair dóibh. Níor chual muid riamh, - éadaighe a bheith lé díol ag táilliúr. Fígheann an fígheadóir an olann ina eadach. Ta ceann fós in Eiscir agus tá ceann i dTobar Órán. Bhí ceann I Mágh Cuilinn acht oibrigheann sé sa monarcha I nGaillimh anois. Caitheann cuid de na daoine cultacha a fhíghtear san áit. Níor chuala muid riamh go ndearna aon táilliúr léinteacha. Snígheann na mná bréidín ins na tighthibh san áit seo. Bíonn cárrlaigh agus túirne aca.
Bíonn na mná ag cniotáil gach oidhche. Déanann siad an snáth sa mbaile freisin. Seo é an caoi a ndéanann siad an snáth. Gheobhann siad olann agus na cárrlaigh. Déineann siad reoiléirí de’n olann leis na carrlaigh. Bíonn gach reoiléirí timcheall a’s(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)