Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 062

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 062

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 062
  3. XML “Féilí na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Féilí na Bliadhna.
    Lá 'le Stiopháin:- teigheann buachaillí óga thart leis an dreóilín. Bíonn rann á rádh aca. Seo é:- "Dreóilín, dreóilín rí na n-éan, is mór é do mhuinghín is beag thú féin; éirighe suas a bhean a' tíghe beir ar sgian do chosa buidhe, agus gearr amach piosa de'n dreoilín is fearr stuaim ná neart."
    Lá'le Bríghde:- teigheann buachaillí thart leis an mBrídeóg. Deireann siad rann freisin. Lá 'le Pádraic:- ainm eile air:- lá na seamróige. Caitheann gach duine seamróg an lá sin. An Inid: Ó'n chéad lá d'en bhliain go dtí Ceadaoin na luaithreadh, - sin é an Inid. Mart na hInide:- Bíonn fus mór ar dhaoine ag pósadh an lá sin.
    Diardaoin na Caomaoine:- an lá roimh Aoine an chéasta. Aoine an Chéasta:- an lá ar céasadh Críost ar Calbhraí. Satharn, Domhnach agus Luan Cásga. Itheann daoine go leor uibheacha Domhnach Cásga. bionn lá saoire ag gach duine luan (Cingcíse) Chásga. Domhnach Cingcíse:- tógtar uisce na Cingcíse abhaile ó'n tséipéil an lá sin.
    Lá Bealtaine:- an chéad lá de Shamhra. Cuirtear suas an Crainnín Bealtaine an oidhche roimh lá bealtaine chun na sídheógaí do choinneál amach. Cuirtear isteach an oidhche sin. Seo sgéilín a (chur) chuir trí ba bainne isteach sa cró, oidhche
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Mícheál Breathnach
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann