School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 021

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 021
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”
  4. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ní raibh sé indon a dhul thairis.
    Bhí a fhios go maith ag Pádhraig gur faoi na cloiche sin bheadh an croca óir agus chuir sé an “bóchaill” abhaile i gcoinne bir iarann leis an chloich do bhogadh. Cheap Pádhraig nuair a gheobhadh sé an “Bóchaill” imthighthe go mbeadh an saidhbhreas ar fad aige féin. Thóg sé an cloch agus bhí cana faoí. Bhí firín beag shíos ann agus séard dubhairt sé: “nár dhubhairt mé leat aréir leath de’n saidhbhreas a thabhairt de’n “bhóchaill.” Bheul anois mar gheall ar thú bheadh ró-ghlic ní gheobhadh tú tada,” agus leis sin d’imigh sé as amharc. Tá an rath sin le feicsint go fóill ach tá sé clúdaidhthe le sgeachaibh anois.
    I “Leisín na bPáiste san mbaile s’againne bíonn éan mór i gcomhnuidhe ann agus creideann na daoine gur aingeal atá ann ag faireadh. Tá an t-éan níos mó ná smólach agus níos lugha ná préachán. Deireann na sean-daoine go bhfuil an t-éan annsin leis na bliantaibh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.