School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 021
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní raibh sé indon a dhul thairis.
Bhí a fhios go maith ag Pádhraig gur faoi na cloiche sin bheadh an croca óir agus chuir sé an “bóchaill” abhaile i gcoinne bir iarann leis an chloich do bhogadh. Cheap Pádhraig nuair a gheobhadh sé an “Bóchaill” imthighthe go mbeadh an saidhbhreas ar fad aige féin. Thóg sé an cloch agus bhí cana faoí. Bhí firín beag shíos ann agus séard dubhairt sé: “nár dhubhairt mé leat aréir leath de’n saidhbhreas a thabhairt de’n “bhóchaill.” Bheul anois mar gheall ar thú bheadh ró-ghlic ní gheobhadh tú tada,” agus leis sin d’imigh sé as amharc. Tá an rath sin le feicsint go fóill ach tá sé clúdaidhthe le sgeachaibh anois.
I “Leisín na bPáiste san mbaile s’againne bíonn éan mór i gcomhnuidhe ann agus creideann na daoine gur aingeal atá ann ag faireadh. Tá an t-éan níos mó ná smólach agus níos lugha ná préachán. Deireann na sean-daoine go bhfuil an t-éan annsin leis na bliantaibh. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.