Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 070

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 070

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
  2. XML Leathanach 070
  3. XML “Tuairisc Bean Tí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is mara bhfaghaidh mé féin le posadh í. Tá faithcíos mór orm nach bhfanfadh aon splainc céille in mo cheann. Tá an gáirdín seo in fásach a mhíle grádh.
    V
    Agus de réir mo thuairim ní misde leat é dá gcaitheadh chuile tortha fás an ar áilneacht an tsaoghail. Níor bhinne liom ceóil cheirsigh a bheith ar an tsráid ná gceileabhar binn na n-éan ar maidin le fáinne geal an lae.
    VI
    Gur éalaigh mo ghrádh geal uaim ar chúl chinn spáinne go Caisleáin Úi Néill.
    Dul isteach i mbéal béarna seadh fághadh mise ar maidin dia luain gan aon duine beo in éindigh liom ach mé fághta go brónach liom fein mar bhí mo stóirín i bhfadh uaim.
    VII
    Níl bean dá breaghcha sa saoghail nach bhfuil leath ag mo míle grádh dó.
    Is gur fhághadh sí mise go brónnach tinn. Nár fhágh mé bás coidhcín go gcaithfinn dhiom an mí-ádh mór go mbeidh ba agus caoire mo mhian ar leabhaidh de ló.
    VIII
    Trosgadh na haoine ná lá saoire ní bhrisfinn go bráthach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Gamhnáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    54
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Seanadh Gharráin, Co. na Gaillimhe