Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 046

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Leathanach 046
  3. XML “Scéal - Mac Rí Éireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    óir a bhí sa seomra aca. Thug sé abhaile na ba agus ní raibh aon rud indhon an bainne a coingbéal. An oidhche sin níor cluineadh aon sgréac. Cheap an máighistir go raibh siad tinn. An lá na dhiaidh nuair a bhí an ma[c] ag dul ag fosuidheacht, chonnaic sé éadac dubh ar gac fuinneóig. Chuaidh sé go dtí an máighistir agus dfiafruigh sé dhó cé'[n] fáth é sin. Dubairt an máighistir go dtagann dragún isteach sa bfairrge chuile sheacht mbliana agus go gcaitheann rí a inghean a tabhairt l[e] n-ithe dhó, agus tiocfadh sé amáireach. Chuaidh an mac go dtí caisleá[n] na bhfathac, agus gléas sé suas é i n-éadach síoda. Síos leis go dtí an tráigh agus a eac agus a claidheamh aige, agus bhí plód mór thíos roimhe. Ba gheárr no gur dtáinig an dragún isteach agus bhí sí ag cur cúmhar ar bhárr na dtonn. Nuair a tháinig sí inghar den tráig chuaidh mac an ríogh amach agus thosuigh sé ag troid leí. Sháith sé le na chlaidheamh í. Léim sé suas ar an eac agus as go bráthach leis. Rith inghean an rí in-a dhiaidh agus shíl sí é a tharraingt anuas de'n chapall, ac tharraing sí an bhróig ghloine dhe mac an ríogh. Dubairt an inghean leis an ríogh nach bhpósadh sí aon duine, ach duine a thiocfadh an bhróig air. Bhí chuile dhuine ag teacht ag cur an bhróig ortha ag ceapadh go dtiocfadh sí ortha. Bhí cuid aca ag gearrad a gcosa ag ceapadh go dtiocfadh sí ortha.
    Bhí chuile dhuine ins an áit trí-ailte, ac mac an ríogh. Dubhairt an máighistir leis an mac go mba cheart dhó dhul agus í a fheacaint. Chuaidh, agus chuaidh sí air gan stróbh.
    Pósadh an bheirt agus bhí bainis seacht lá agus seacht seachtmain ortha agus mhaireadar go sásta as sin amac.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maitias Ó Céidigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Seanadh Gharráin, Co. na Gaillimhe