Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 045

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Leathanach 045
  3. XML “Scéal - Mac Rí Éireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na beithidhigh abhaile, agus ní raibh aon tubán indan an bainne a choingbheál. Bhí an ionghantas ar an máighistir, agus dubhairt sé nach raibh a léitheid de bhuachaill ariamh aige. An oidhche sin níor cluineadh ac aon sgréac amháin. Tá siad tinn nó rud eicínt orra adeir an máighistir. An lá ar na bháireach, chuaidh an buachaill amach leis na beithidhigh mar ba gnáthach. Sgaoil sé isteach na beithidhigh i dtalamh na bfathac. Ba geárr nó gur dtáinig an fathac ba mó díobh ar fad, agus bhí sé ag cur lorg a chosa sa talamh le na meádhachan. Fú, fá, féasóg ar seisean fághaim boladh an Éireannaigh bhraduidhe, is mór liom go greim tú, agus is beag liom go dhá ghreim thú, agus chuirfinn lé séideóig go dtí an domhan thoir thú. "Is tusa a mharbhuigh mo bheirt dearbhráthair acht ní mharbhócaidh tú mise. Cé feárr leat ag troid ar leacracha glasa, nó ag cuir sgeana i mbárr easnachaí chéile. Is fearr liom ag troid ar leacraca glasa, mar is é a chleacht mé ó mo athair arsa an buachaill. Thosuigh an t-acrann agus, leis an gcéad chor chuir an fathac an buachaill go dtí a bhásta san talamh é, leis an dárna cor a thug an fathac, chuir sé an buachaill síos go dtí na mhúinéal sa talamh. Cá bhfuil tú a iall ar seisean, Tá mé annseo adeir an iall leis an mbhuachaill, ag éirigh aníos as a phóca, agus chas sí timcheall ar mhuinéal an fhathaigh, agus ba beag nar thacht sí an fathac. Má leigeann tú as seó mé adeir an fathac tiubhradh mé mo phálas mór dhuit mo eac agus mo chlaidheam. Cé ar a n-oibróchaidh mé í adeir an buachaill, ar an mblocán sin thall, níl blocán ar bith níos gráinne, ná do bhlocán féin, agus bhuail sé laisg ar, agus chuir sé sa spéir é. Chuaidh an buachaill suas go dtí pálás an fhathac agus tháinic an iongantas ar nuair a chonnaic sé an cárnán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maitias Ó Céidigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Seanadh Gharráin, Co. na Gaillimhe