Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “Scéal - Mac Rí Éireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an talamh faoí na chosa, agus bárr na gcránn ag dul i n-iochtar, agus a mbun ag dul i n-uachtar.
    "Fú, fá féasóg arsa seisean, fághaim boladh an Éireannaigh, bhréagaighe, bhraduidhe, is mór liom de greim é, agus is beag liom de dhá greim thú, ach chuirfi[nn] le séideóig go dtí an domhan thoir é, arsa an fathac. "Cé feárr leat ag troid ar leacracha glasa, nó ag cur sgeana i n-easnachaí a chéile", arsa an fathac. Is feárr liom ag cathriocht ar leacracha glasa, ar seisean, mar is é a chleacht mé ó mo athair ariamh, arsa an fathac. Thosuigh an troid, agus leis an gcéad chor, chuir mac an ríogh, síos go dtí a bhásta sa talamh é, leis an dára cor, chuir sé síos go dtí a mhuinéal é. "Leig as seo mé arsa an fathac, agus tiubharfadh mé mo each chaol ghlas, agus mo chlaidheamh soluis dhuit". Cé air a n-oirbeóchaidh mé an chlaidheamh soluis arsa mac an río[gh]?, ar an mblocán sin tháll arsa an fathac, níl blocán ar bith níos gráine ná do bhlocán fhéin, adeir mac an ríogh, ag sguabadh an ceann de'n fathac, lé buile de'n chlaidheamh. Suas leis an gcloigeann san spéir, agus thosuigh sé ag feadaighil. Tháinig an cloigeann anuas aríst, agus bhuail an mac aríst é, agus rinne sé dhá leith de'n chloigeann. Ní mhór dhuit adeir an cloigeann, mar dá dtiocfadh mise ar an gcolainn aríst, comhacht do cheann finne, ní chuirfidh anuas mé. D'imthigh an cloigeann go dtí an domhan thoir annsin. Thug mac an ríogh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maitias Ó Céidigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Seanadh Gharráin, Co. na Gaillimhe