School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 026

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 026

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 026
  3. XML “Scéal - An Bhaintreach agus A Mac gan Aon Deis Mhaireachtáil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé dhá ghine don fhear ar an gcapall. Agus bhí an bheirt aca lán tsásta in-a margadh fhéin. Ní raibh aon áit ag an mac le h-aghaidh na trí ghiní a chuir, agus sháith sé siar i gcluais an chapaill iad. Ní i bhfad a bhí sé ag imtheacht nuair a casadh fear leis agus thuit gine, aniar as gluais an chapaill. Chuaidh sé anuas de'n chapall ag tógál an ghine. Céard atá ort? arsa an fear uasal. Ó adeir sé, tuiteann gine aniar as cluais an chapaill seo go minic. Béarfaidh mé míle punt dhuit air adeir an fear uasal. Tá go maith a deir an fear óg. Fuair sé míle punt ar an gcapall, agus bhí sé lán tsásta. Nuair a chuaidh an fear uasal abhaile chuir sé an capall sa stábla, agus chuir sé fear ag faire an chapaill ar eagla go dtuitfadh aon ghine eile aniar as a cluais. Luigh an capall siar agus thuit an dá ghine eile aniar, acht níor thuit aniar acht an dá ghine. Nuair a dhúisigh an fear uasal ar maidin, agus fuair sé amach nar thuit amach acht an dá ghine bhí sé an-fheargach, agus dubhairt sé go gcaithfeadh sé a chuid airgid a fhágháil ar ais arís. Nuair a chuaidh sé isteach i dteach na baintrighe. D'fiafruigh sé dhí cá raibh a mac tá sé imthighthe ag fiadhach. Acht dubhairt sí cuirfeadh mé teachtaire dhá iarraidh. Sgaoil sí coinín óg amach ó bhéal pota agus amach leis an doras dúnta. Ní bhfada bhí sé imthighthe amach nuair a tháinig an mac isteac agus coinín cosamhail leis aige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Neachtain
    Gender
    Male
    Age
    43
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Baile an tSagairt, Co. na Gaillimhe