Scoil: Cill Cruain (C) (uimhir rolla 11187)
- Suíomh:
- An Baile Glas Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Cruain (C)
- XML Leathanach 286
- XML “Maistreadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)I n ár dteach ní déanann duine speiseálta maistreadh. Uaireanta tugann dach duine sa teach dreas faoí. Nuair a taganns stráinséar isteac nó comharsan tugann siad dreas faoi. Deirtear muna stugann siad dreas faoi nach mbéadh im ar an uachtar acht go mbeirfeadh an duine sin an t-im leis.
Uaireanta caithimíd leath uair nó bfeidir uair a cluig sul a dtagann im air. Bíonn greim againn ar choise na luine agus bímíd ga chasadh í gcomhnuidhe agus cuireann sé sin an baraille thart freisin. Leanaimíd mar sin go dtagann cnaipí ime ár bhárr an uachtair. Nuar a bhímíd 'ga bhualadh ar feadh tamall maith chímíd cnaipí beaga ime ar an bhfuinneóir mbig atá san gclár. Annsin sruthluighmid an clár le beagán uisge fuar chun go gcuideóchaidh sé le na cnaipí beaga a cur le céile í meascán.
Tógtar an t im suas í maosán le dhá cárda adhmaid agus nífghtear e le huisge glan arís agus arís go dtí go dtagann an tuisge amach gle, gan bláthach ann. Annsin cuirtear salann a dhóthann ann agus meascaightear tre'n im é. Sruthluightear é aríd agus déintear í meascáin é.
Baintear a lán úsaid as an mbláthach. Fiochtar e le siucra agus tugtar do dhuine a mbíonn slaghdán air. Déintear cácaí leis freisin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Ríain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Turlach, Co. na Gaillimhe