Scoil: Cill Cruain (C) (uimhir rolla 11187)
- Suíomh:
- An Baile Glas Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Cruain (C)
- XML Leathanach 285
- XML “Maistreadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá a lán sórt cuinneóg ann. Tá cuinneóg atá ar nós baráille agus í ar bhrannra agus tugtar cuinneóg uirthí. Tá ceann eile nach mbíonn ar brannra, í caol sa lár agus leathan ag a bun a's ag a bun. Tá ceann eile fós atá cruinn ar na taobhanna. Ta brannra íseal fuithí acht nuair a bhíonn maisteadh 'gá dhéanamh leí bíonn sí ar cathaoir nó ar an mbord.
Cuinneóg baraille atá againn. Tá sí ar bhrannra atá trioca órdlach ar aoirde. Tá an cuinneóg féin ar nós baráille leanna acht tá an t adhmad níos feárr inntí. Tá an baráille sé h-órdlóg déag ar aoirde agus ar a leithéad tá sí troigh amháin. Cheannuigheadh í seacht mbliadhna déag ó shoin.
Tá ceithre coda inntí. - an bhrannra, cos na luine, an clár, agus an chuinneog féin - an baráille. Tá iarann ar a mbárr chun í a coimhéad socair. Déantar maistreadh ceithre uaire sa seachtmhain sa Samhradh í nár dteach agus bíonn deithre punt ime ann. Sa nGeimhreadh ní déantar maistreadh acht uair amháin sa tseachtmhain agus bíonn se nó seacht bpunt ime ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Ríain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Turlach, Co. na Gaillimhe