Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 067](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0001%2FCBES_0001_067.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 067
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Éinne
- XML Leathanach 067
- XML “An Dá Mhac Déag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dimthigh sí annsin agus ni raibh sí i bfad ag siubhail nuair a tháinig sí go dtí teacín beag. Bhuail sí ar an doras agus d'oscail buachaill an doras dí. D'íarr sí deoch uisge agus tug sé deoch dí, agus nuair a bhí sé ólta aice glac sí buidheachas leis. D'fiafruigh sé dhí cá raibh sí ag dhul mar sin, agus d'innis sí dhó. Dubhairt sé annsin le:
"Tá aithbheal mór orm nach féidir liom thú a fághail ins an teach i bhfad mar ma beireann mo cuid dearbhrathaireacha ort cuireadh siad chun báis thú." "Cén fáth"? arse sise. "Mar is mar gheall ar ár ndeirbshúir á dhibir ár n-athair muid as a rioghacht" adeir an buachaill. Annsin bhí fios acú go deirbsúir agus dearbrathair a bhí ánn. Tháinig bród mór ar gach duine acu, agus d'fan an cailín ins an teach. Nuair a bí an cuid eile le teacht abhaile chur an buachaill i bfolach faoí toban í.
Tháinig na dearbhrathaireacha eile abhaile agus nuair a bhí siad go léir ag ithe dubhairt an ceann is óige go raibh sgéal maith aige doibh. D'fiafruigh siad cé an sgéal é agus dubhairt sé "Ma geallann sibh dom nach marbochadh sibh an céad bhean a feiceas sibh." Dubhairt siad go ngealladh. Annsin d'innis sé dóib(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhioráin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Dioráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe