Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (B)
- XML Leathanach 063
- XML “Seán Tincéir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le Sean rud a bith ga mba mhaith leis a iarradh air. Bhí buidéal ag Seán agus bheadh áthas ar ar Sheáin dá mbeadh sé de buaidh aige gach rud dá mba mhaith leis a chur isteach san mbuidéal. Dá budge[t?] ar a dhruim freisin agus ba mhaith leis dá mbeadh an buaidh céadhna aige. Thug an fear an buadh sin do Sheáin agus dimthigh gach duine aca ar a bhealach féin. Bhí Seán ag siubhal nó go dtáinig sé go cros bhóthar eile. Bhí duine bocht eile annsin roimhe agus d'íarr sé a déirce de Sheáin in onóir do Dia is do Muire. Thug Seán cúig púnt dó-san freisin. Annsin thug an fear buaidh eile do Sheáin sé sin ní bheadh easbaidh airgid air go deo. Annsin dimthigh Seán ar a bhéalach féin.
Ag an gcéad gcros bhóthar eile bhí fear déirce ann agus bheannuigh sé do Sheain in a ain[m] agus a shloinneadh, agus díarr sé déirce ar Seán. Thug sé cúig púnt don bhfear sin freisin agus dubhairt an fear le Seán buaidh ar bith a íarracht air. "Well" arsa arsa Seán tá crann ubhall ag fás ar cúl an tíghe san ngharraidhe sa mbhaile. Táim cráidthe ag buachaillí an bhaile ag goid na nubhall. Táim ag dul abhaile anois agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Giolla na Áth
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe