Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Peadar P. Mac Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 055

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 055

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (B)
  2. XML Leathanach 055
  3. XML “An tAonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní'l aontaighe in Éirinn deirtear níos seanda na aontaighe Mainistreach. Do réir béal oideas na háite bhíodh aontaighe ar siuibhal ann sul a táinig na Normánaigh go hEirinn agus bíonn siad ann go fóil ar Lá Fhéile Seáin agus Lá Shamhna. Tá páirc beag cómhgarach de'n sean-mhainistir in a mbíodh an taonach ar siubhal ann. I lár ná páirce sin tá piléar cloc tógta agus cros ar an bhárr. Níl eólas beacht ag aoinne ar staír an philéir sin. Deireann cuid de na daoine gor marbugheadh laocrach on ait ag troid ar aonach mainistreach agus cuireadh é faoi'n bpiléir sin. Deireann daoine eile gur cú íonghantach a tá curtha ann. Bhí leac agus sgríbheann air, ar an bpiléir, agus niorbh fhéidir an sgríbheann a leigheadh.
    San tam fadó ba beag díol nó ceannacht a bhíodh ag an taonach. Is amhlaidh a thagadh na daoine le céile agus bhíodh lá spóirt aca. Théigheadh an an fear ba láidre thart agus é ag tarraingt a chóta in a dhiaidh agus ag cur dubhslán ar na daoine seasamh air. Dá sheasadh aoinne air bheadh troid ann. Caitheadh na daoine an lá ag ól agus ag acrann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge