Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Peadar P. Mac Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 040

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 040

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (B)
  2. XML Leathanach 040
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chómnuigh mo shean athair i dtigh beag in aice le Cnoc Ruadh. Tuairim is fiche bliadhain ó shoin thuit an capall áluinn a bhí aige tinn. Oidhche amháin d'fhan mo shean-athair in a suidhe ag faire ar an gcapall.
    I lár na h-oidhche d'fosgladh an doras agus tháinig marcach ruadh isteach agus fuipín in a láimh aige. Gan focal a rádh le mo shean-athair shiubhal sé anonn go dtí an cúinne, thóg sé an srían a bhí crochtha ar an mballa agus amach leis.
    "Tá mo chapall marbh arsa mo shean-athair in a aigne féin". D'imthigh sé amach chun é a fheiceál acht mo léan bhí an capall sínte marbh ar an urlár.
    Duine de's na sídheóga as Cnoc Ruadh a tháinig agus an capall do ghoid leis mar bhí sé ag teastáil go géar uathu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Conraoi
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Garrán Darach Thuaidh, Co. na Gaillimhe