Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eoghanacht
- XML Leathanach 070
- XML “Triúr Mac an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Triúr Mac an Rí.
bhí rí ann fadó agus bhí triúr mac aige. Bhí an t'athair agus iad féin lá ar an mbán taobh amuigh d'en teach nuair connaiceadar an t'éan badh deise dá bfaca súil duine ariamh ag dul thart. D'iarr an mac is sine cead ar a athair an t'éan a leanact féacaint a bhféadfad sé é mharbhú. Dúbhairt an t'athair leis imtheacht agus thug sé leis a gunna agus d'imthigh leis i ndiaidn an éin. Chaith sé an lá ar fad dhá tóruigheacht acht chinn air é fhághail nuair b'árd dó sin b'iseal d'on éan agus nuair b'íseal dó sin b'árd d'on éan agus b'éigin dó theact abhaile trathnóna agus é trom tuirseac. Lár na bhárac bhí an t'athair agus an triúr taobh amuigh arís nuair d'imthigh an t'éan thart agus lean an darna mac é act badh é an sgéal céadhna é tháining sé abhaile le tuitim na h-oidhche agus gan aon tuairisc aige ar an éan. Lár na bhárac nuair abhí an ceathrar taobh amuigh d'en teac arís connaic siad an t'éan ag eitilt thart agus d'iarr an mac b'óige cead ar a athair dhul dá tóruigheacht agus fuair sé an cead sin. Thug sé leis a gunna agus lean sé an t'éan acht ag teacht trathnóna nuair a chí sé a ceapadh go raibh sé i ngreim ann d'imthigh leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Fhlannagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid de Bhailís
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Sruthán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Miceál Mac Donnchada
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Sruthán, Co. na Gaillimhe