Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)

Suíomh:
Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eoghanacht
  2. XML Leathanach 058
  3. XML “Cleasanna agus Cluichí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "chúig phighne" "deich bpighne" no rud eicint mar sin le é chur dhe féin.
    Seán Dearg ó Charraig an Droichid
    Is beag an difríoct a bhí idir an clea seo agus a'díol an choirce. Bhíod scata malrach thart ar aon duine amháin agus ainmneacha mar "Dhá pighinn" "trí pighne" agus mar sin dhe ceaptha ortha. Thosuigheadh an máighistir mar seo:
    "Is mise Seán Dearg ó Carraig an Droichid
    Atá a'díol mo phíosa eangaigh le fear dhá phighinn"
    Fear an dá phíghinn -- Ar mise a mhúirnín
    Seán Dearg ó Charraig an Droichid -- Is tusa a mhúirnín.
    Fear an Dá phighinn -- L'éitheac a mhúirnín.
    Seán Dearg -- D'eile ar a mhúirnín
    Fear an dhá phíghinn -- "Fear deich bpighne" agus leanfad air mar sin. Muna bfreagrócadh chaon duina a ainm féin go sciobtha geobhfhadh sé lascadh mhaith.
    "Faicit" Bhíodh chomh maith le deichneabhar no dhá dhuine dhéag na shuidhe síos thart timceáll i bhfáinne ar an úrlár agus a lámha faoi na iosgaidibh aca. Bhíodh fear amháin i lár báir eatorra. Bhíodh píosa de rópai fighthe dúbalta agus é tuairim slat ar fad, é cruaidh trom agus nuair bheadh druim an fhir láir tughtha do dhuine eicint d'en dream a bhiodh na suidhe síos bhuailfide iarradh d'en ropa aniar sa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Flannagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Flártaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    66
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Iascaire
    Siúinéir
    Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seánín Taim Ó Direáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    66
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Sruthán, Co. na Gaillimhe