Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)

Suíomh:
Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eoghanacht
  2. XML Leathanach 048
  3. XML “An Talamh, Cur na bhFataí srl.”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an leasú idir an dhá borúgha. Tá trí cindál cuir a déantar ar fhataibh san ait seo go h-ionndual (1) cur lé na cois sé sin na sciolláin a scaradh ar an leasú ar an iomaire agus iad a chlúdú leis an bhfód as an gclais, (2) cur bréagach sé sin na h-iomaracha a chlúdú isteach ar dtús agus iad a fhágáil mar sin go ceann cúpla seachtmhain bhfhéidir annsing na sgiolláin do sháthadh ann. Déantar an cineál seo cuir go luath sa mbliadhain nuair a bheadh faitchíos ar dhuine go lobhfadh na síolta dhá gcuirtí sa talamh ró luath iad (3) fataí sáithte - i dtalamh luirg a cuirtear na fataí mar seo. tógtar or ar chorr an iomaire a bhí ann an bhliadhain roimhe sin agus deantar an iomaire idir caon dhá orr annsin. Leagtar na sgiolláin in asgallaibh a chéile agus sáidhtear sa talamh iad lé bior iarainn nó sórt líobhán. Deantar é seo de píosa de shean spáid a chaoluightear agus sáidhtear isteach in adharc beithidhigh é lé sórt láimhe a dheanamh. Trí troigh is ionndual a bhíonns i léithead an iomaire. I ngarraidhe 'na bhfuil bruach na n'iomaracaí ón mbliadhain roimhe lé feiceál go soiléar níl aon lé dorúgha lé na h-iomaraca a tharraingt díreach. Déantar na h-iomaracha a thomhais go minic leis an spáid ó chorr an ghímseáin go dtí bárr an fheic. Sa gcur sáidhte scartar an leasú ar an iomaire tamall maith tharéis na fataí a sáthadh go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Dhioráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Sruthán, Co. na Gaillimhe