Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)

Suíomh:
Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannagáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Eoghanacht | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

An Ceannaidhe Ruadh agus an Ceannaidhe Fíonn.
Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhi ar Seáinín. Bhí sean chapall aige agus choingbhigh sé leath choroin léi. Tamall na dhiaidh se chonnaic Seáinín beirt cheannaidhe ag dul thart. Thosuigh sé ag bualadh an chapaill le maide agus badh gheárr gur chuir an capall an leath choroin uaithe. Thosuigh Seáinín ag moladh an chapaill leis na ceannaidheacha agus dubhairt sé nuair bhuailfidhe leis an tslat í go gcuirfead sí airgead uaithe mar sin i gcomnuidhe. Chuir na ceannaidhthe an spéis innte agus dubhradar go gceannóchaidís an capall uaidh Seáinín agus thugadar meall mór airgid dó uirthe. Bhí seáinín na fear roinnt bocht agus bhí áthas mór air an t-airgead d'fagháil. Ar an bpoinnte ar shroicheadar an baile thosuigeadar ag bualadh an chapaill le slat mhór ionnas go gcuirfead sí slam airgid uiathe. Bhíodar ag bualadh an chapaill go deó gur mharbhuigeadar í acht níor bhfuaireadar aon pighinn airgid uaithe. Dimthigheadar annsin go dtí teach Sheáinín le na mharbhú acht mo léan bhí a fhios ag Seáinín go maith go rabhadar le teacht agus bhí cleas eile ceaptha aige. Líon sé putóg caorach le fuil agus dorduig sé dá bhean í chur taobh istigh dá cuid éadaigh agus nuair tiocfaid na ceannaidhthe go dtosócadh sé féin agus a bhean ar a chéile agus ar deireadh go sáthadh sé féin an scian ínnte acht nach raibh aon bhaoghal uirthe mar gur sa bputóg a sháthadh sé í. Badh gheárr go dtáinic na ceannaidhthe isteach agus thosuigh Seáinín agus a bhean ag troid le na

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Dhioráin
Inscne
baineann
Seoladh
Sruthán, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seáin Uí Thuathail
Inscne
fireann
Aois
65
Seoladh
Creig an Chéirín, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge