School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gheobhfaidh mé bás láithreach.Tiubhraidh tú leat mé, agus leagfaidh tú isteach sa soitheach mé, agus tá tú faoi gheasa ag mo mnaoi bratacha dubha bheith agad ar an soitheach ag teacht duit, má beidh mé marbh, agus bratacha geala má táim beo. Ach tá mé a' rádh leat bratacha geala a bheith árduighthe agat nó go dtagadh tú i ngar do'n talamh a bhfuil mo theach-sa, agus go mbeidh an t-ancaire agus na slabhra curtha amach agad. Nuair a bhéas sin déanta agat, bainfidh tú anuas na bratacha geala, agus árdóchaidh tú na cinn dubha mar sé an sórt mná í mo bhean, tá draoidheacht aice agus má bhíonn na bratacha dubha agat nuair a thiocfas tú 'na h-amharc ardóchaidh sí stoirm agus níl fhios cé'n áit a raiceálfar do shoitheach ar fud an domhain.
Chroch fionn leis annsin an Grabaire agus shocruigh sé isteach sa soitheach é, agus sheol leis go bfágfadh sé sa mbaile ag a mhnaoi é. Nuair a bhí tagaithe gar do'n talamh agus a chuid seolta bainte anuas aige, bhain sé anuas na bratacha geala, agus d'árduigh sé na cinn dubha. Bhí bean an Ghrabaire ag áirdeáil air ag tigheacht, agus súil aice go mbeadh a fear -an Grabaire Beag ag tigheacht beo, ach nuair a chonnaic sí na bratacha dubha, 'Beannacht dhuit-se' a deir sí 'agus mallacht do bhéil do mhúinte'. ' Bhí fhios agam go maith gur marbh a bheadh mo Ghrabaire ag tigheacht ar ais.'
Ní dhearna Fionn ach an Greabaire a chrochadh leis ar a dhruim nó gur fhág sé istigh sa teach aice é, agus annsin réidhtigh sé le tigheacht ar ais go h-Éirinn le cloigeann an Rí Mhóir. 'Tá sé chomh maith dhuit' a deir bean an Ghrabaire leis uirnéis a fhághail agus teach a dhéanamh dhom isteach i gcrann mór i riocht is go mbeidh áit agam féin agus ag an nGrabaire' a deir sí. Ní chuirfidh mé in aon uaigh go deo é ach beidh mé ag cuimilt ólaidheacht dhe a choinneochas úr é go mbeidh mé ag breathnú air 'fad is beo mé'.
Fuair Fionn oirnéis agus ba ghearr go raibh poll déanta isteach i gcrann(continues on next page)- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Address
- An Coillín, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Tomás Mac an Iomaire
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Coillín, Co. na Gaillimhe