Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0258
- XML “Doineann - Toirneach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbheadh leagtha agus marbhuighthe orra.
Ar maidin bhí an loch chómh dubh le áirne agus bhí sé an-salach acht ní raibh aon díoghbháil déanta aice buidheachas, le Dia.
Ins an Samhradh 'na dhiaidh sin tháinig an droch-oidhche eile le toirneach teintreach agus lasracha. I lughnasa a bhí sé ann, bhí toirneach beag ann ar maidin acht bhí sí ag dul timceall ins na spéarthaibh go dtáinig an tráthnóna
Thosuigh sé go millteach tráthnóna le lasracha agus pléasgadh toirnighe. Lean air mar sin go dtí a leath-uair tar éis a h-aon dhéag. Annsin 'seadh phléasg an ceann ba mheasa agus ní raibh aon bhrígh innte mórán uaidh sin amach.
Rinne sí go leór díoghbhála. Do mharbhuigh sí dhá bhó a bhí fágtha i n-garrdha chois locha le Máirtín Breathnach, Bánrach. Do thuit an toirneach ins an loch a bhí in-aice leis an n-garrdha agus deirtear go bé gaoth na toirnighe a mharbhuigh na beithidhigh. Do mharbhuigh sí freisin go leór caorach a bhí amuigh ar an sliabh ag muinntir Indreabháin.
Rinneadh díoghbháil níos mó ná sin mar níor stop sé acht ag báisteach ó mhoch maidin go h-árd-trathnóna agus sin í an bháisteach is mó a thagann díoghbháil aiste - báisteach thornighe mar bionn sí ró-thréan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Fhágharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Learaí Ó Biaith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe