Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0257

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0257

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0257
  3. XML “Ridire na gCleas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cheannacht. Tiúbharfadh sé airgead ar bith orm a iarrfas tú acht cuir ins an margadh nach dtiúbharfadh tú an t-adhastar dhó."
    Tharraingeadar suas ar an aonach annsin agus rinne an mac stail dhe fhéin agus chuir an t-athair adastar air agus ba gheárr abhí sé ann go dtáinig Ridire na gCleas chuige agus d'fiafruigh sé dhe cé mhéid do bhí sé ag iarraidh ar an stail.
    "Sé chéad punt" ars an feilméar "Tiúbharfaidh mise sin dhuit" adeir sé. Acht ní thiúbhra mé an t-adhastar dhuit" adeir an feilméar.
    "Ba cheart an t-adhastar a thabhairt isteach san margadh freisin" ars an Ridire.
    Acht ní bhfuair sé é.
    D'imthigh Ridire na gCleas annsin agus an stail leis agus d'imthigh an feilméar ar a bhealach ag dul abhaile acht ní raibh sé i bhfad nó go dtáinig an mac suas leis.
    "Tá go maith, a athair" adeir sé "tá an uair seo gnothuighthe againn acht níl fhios agam céard a dhéanfhas an lá ambárach linn. Tá aonach ina leithéid seo d'áit ambárach agus tiocfaidh muid ann."
    Chuadar ar an aonach agus rinne an mac stail dhe féin agus chuir an t-athair adhastar air agus ba (gre) gheárr a bhí sé annsin nó go dtáinig Ridire na ghCleas chuige. D'fhiafruigh an Ridire cé an méid abhí sé ag iarraidh ar an stail bhreágh abhí aige ins an adastar. "Naoi gcéad punt tá mise ag iarraidh air," arsan feilméar. Níor shaoil sé go dtiúbharfadh sé sin dhó. Acht ní choingbhóchadh airgead ar bith an stail ó'n ridire. "Tiúbharfaidh mé sin dhuit," adeir sé. Chuir sé a lámh ina phóca agus thug sé naoí gcéad punt dhó agus rug sé ar an adhastar leis an lámh eile agus d'imthigh sé leis chomh luath sin gur dhearmad an feilméar é do chur ins an margadh an t-adhastar thabhairt ar ais dhó. D'fhan sé annsin ag súil go bhfillfeadh a mhac acht níor fhill.
    Thug Ridire na gCleas annsin an mac leis agus bhí sé ag tabhairt chuile phionnúis agus droch-mheas dhó agus ní leigfeadh ar bord in-éindigh le na daoine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghréad Ní Chualáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Chualáin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    93
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe