Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
An Tulach | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0217

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

bó no capall agat a thaithníochadh leis an mblácach thiocfadh sé 'na gcoinne agus chaithfeadh tú iad a thabhair dó nó chaithfeadh sé lé urchar thú. Bhí siad ag chur droc-bhail ar mhná freisin.
As an deireadh cailleadh an sean-bhlácach acht bhí a clánn mhac níos measa ná é. Bhí áit faoí thalamh acú lé na cailíní a chur ag obair ánn.

Nuair a bhí na blácaigh ann fadó. Bhíodh siad ag déanamh scrios mór ar mhuinntir na háite agus ar na sagairt. Ní leigeadh siad cead do na sagairt aon Aifireann do léigheamh. Lá amháin d'iarr an sagart cead ar an mBlácach Aifreann do léigheamh. Acht ní thiúbhradh an Blácach cead dó. Annsin léigh an sagart Sailm na mallacht ortha. Cailleadh iad agus d'imthigh cuid eile. 'Sé an tAthair mac Thoirdealbhaigh a léigh sailm na mallacht ortha. 'Sé an teach a mbíodh siad na gcomhnaidhe ná tighe Sheáin bhreathnuigh agus tige Shéamuis bhreathnuigh i mbaile na hAbhann. Thuit an teach acht dhein na breathnuigh suas aríst é agus is áit mór breágh anois é agus tá siad na gcomhnaidhe ann ó shoin. 'Sé an áit a mbíodh na sagairt ag léigheamh an Aifrinn an uair sin ins na pairceanna agus i náiteacha uaigneacha i ngan fhios do'n bhlácach agus do'n dlighe.

Bailitheoir
Mícheál Ó Diolláin
Inscne
fireann
Seoladh
An Chloich Mhór Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Mícheál Ó Diolláin
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
45
Seoladh
An Chloich Mhór Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge