Séipéal na Tullaighe
Chuala mé na sean-daoine ag rádh gur ag an sean-bhearic atá in Indreabhán a bhí séipéal na Tulaighe Fadó.
Tá an séipéal nua tamall siar uaidh anois agus tá teach cáirr tóghta ag sean Seán Ó Curraidhin ins an áit a raibh an sean- séipéal.
Ins an áit a bhfuil an séipéal anois se an chaoi a raibh sean teach gan aon cheann ag an mBlácach ann fadó. Bhí garrdha mór ann agus bhíodh na beithigh istigh ag an mBlácach san sean-teach sin. Tháinig an t-Áthair Ó Gráda anois ar an gCnoc ansin agus thug sé go leor daoine leis mar bhí faitíos air roimh an mBlácach, acht nuair a tháinig se níos chuir an Blácach aon araoid air agus léigh an sagart sin go leor Aifreann san sean-teach.
Ansin d'imigh an sagart sin agus níor tháinig aon sagart eile ann go cheann tamall.
Ansin tháinig an t-Athair Ó Liatháin agus chuir sé ceann ar an teach agus sin é an chaoi ar cuireadh séipéal ata anois againn ar bun.
Tá an séipéal déanta ar Thulaigh agus sin é an fáth gur tugadh séipéal na Tulaighe mar ainm air.
U3- Learaí Ó Biaith -Baile na hAbhann
Colm ' ac Culáin- Baile na hAbhann
Séamus Mac Donnacha -Indreabhán.