Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0120

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0120

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0120
  3. XML “An Buachaill Buaidhe Luachra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chaith an buachaill buaidhe luachra a saoghal ag tabhairt aire do bheithidhigh ar an sliabh. Ní fhaca sé sagart ná easbog ariamh. Tháinig smaoineadh chuige lá go dtiocfadh sé chuig an Aifreann. Ghléas sé suas é féin agus chaith sé a chóta mór ar a ghualainn agus d'imthigh leis chuig teach a' phobail. Nuair a tháinig sé isteach, bhí maide greíne ó fhuinneóig go fuinneóig i lár an tséipéil. Chaith sé a chóta air agus choinnigh an maide gréine suas é. Chonnaic an sagart é sin. D'éist an buachaill an tAifreann go raibh sé thart. Bhuail sé amach agus bhí beirt bhan ag comhrádh agus ag cúl-chainnt agus bhí seisean ag éisteacht leo go raibh siad réidh. Bhuail sé abhaile agus chuaidh ag tabhairt aire dhá chuid beithidheach.
    Chaith sé mar sin go dtí Dia Domhnaigh 'na dhiaidh. Tháinig sé ag an Aifreann. Chaith a chóta ar an maide gréine acht leis an maide gréine ar an urlár é. D'éist sé an tAifreann go raibh sé thart. Bhuail sé amach. Sheas sé ar an spota céadna a raibh sé an Domhnach roimhe sin, ag giall a' gheata. Tháinic an sagart amach go dtí é agus d'fhiafruigh sé dó céard a rinne sé ar a' mbealach ó'n Domhnach roimhe sin. Dubhairt an buachaill nach ndeárna sé tada acht go raibh sé ag éisteacht le beirt bhan ag cúl-chainnt ag geata an tséipéil.
    "Téara abhaile", adeir an sagart, "agus lean go do láimh mar bhí tú ag guidhe Dé agus ag glóiriú Dé." D'imthigh an buachaill buaidhe luachra abhaile agus lean de chomhairle an tsagairt go bhfuair sé bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0759B: Holy Man Has his own Mass
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síle Ní Chonfhaola
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Indreabhán, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Confhaola
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Indreabhán, Co. na Gaillimhe