Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)

Suíomh:
Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P.S. Ó Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0120

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0120

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0120
  3. XML “An Gabha agus an Cheárta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cuireann sé cruidhthe ar chapaill amuich fá'n áer agus déanann sé céachtaí ann freisin. Bíonn sé ag déanamh geataí go minic chun pháirceanna. Déanann sé na rudaí seo mórán amuich fá'en aér san t-Samhraidh, acht ní dhéanann sé é sin san nGeimhreadh.
    Tá pisreóga freisin ag baint le cheardchaidheacht:- ní bíonn an gabha ag obair thar a dhó dhéag o'chluig ar Oidhche Nodlag mar buailtear an bás air mar a deirtear san áit seo.
    Seo abairtí a bhaineann leis an gceardchan:-
    "Téigh go dtí an ceardcha agus tiochfair abhaile go shásta";
    "Tá an gabha ar an bhfear is flaitheamhail".
    Déirtear go ndéanann an gabha tairnghí ó'n dos na brúirí dearg iarainn a thagann ó'n inneóin. Deirtear go mbíonn sórt leighis chun sgoilteacha ins an uisce a thagann ó'n gceardchan. Fadó bhíodh cáil mór ag an ngabha chun airm troda do dhéanamh mar:- claidheamh, sgían troda, gunnaí agus mar sin. Bhíodh ríoghthe na tíre 'ghá hónóir mar gheall ar a chuid oibre.
    San am fadó dhéineadh an gabha anmhaitheas do'n sagart na parróiste:- bhíodh sé ag cabhrú leis in gach slighe. Théigheadh sé go dtí na háite 'na bhíodh daoine tinn agus bhíodh siad ag iarraidh leighis a chur ortha. Freisin, dhéineadh sé mhaitheas do'n feilméar san t-slighe seo:- nuair a bhíodh ainmhidhe gorthuighthe chuireadh an gabha chun bháis iad go tapaidh; agus mar sin dhéineadh mórán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. gaibhneacht (~2,389)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Dubhghaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    39
    Seoladh
    Na Duganna Nua, Co. na Gaillimhe