Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)

Suíomh:
Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P.S. Ó Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0026

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0026

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0026
  3. XML “Seanscéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-sgéal grinn.
    Fadó bhí ríogh i gCúige Laighean agus bhí Labhraidh Lorc mar a ainm air.Bhí cluasa caiple air ach ní raibh fhios ar aon duine ar san. Nuair a bhí bearrbóir uair amháin ag gearradh a chuid ghruaige do chonnaic sé an gort cluaise a bhí air agus bhí iachall air gan an scéal a leigint amach uaidh.
    Tháinig tinneas air agus chuaidh sé go dtí dochtuir agus dubhairt sé go raibh eagla air an scéal a innsint dhó. Bhí air dul go dtí coill agus a scéal innsint do crann éicínt. D'innis sé a scéal do crann sailighe. Tháinig biseach air. Bhí ceóltóir san áit agus rinne sé cruith Dhé phíosa ádhmaid a ghearr sé de'n crann sailighe. Rinne sé ceól agus tháinig an focláibh seo amach as, "Tá dhá cluais chapaill ar cheann LabhraidhLorc agus ní maith leis é sin a innsint do dhuine éile." Tháinig iongnadh mhór ar an Ríogh mar bhí fhios ar gach duine go raibh cluasa chapaill air. Níor bhfidir leis iad a choimeád i gceilt ó shoin amach.
    Pádhraig ó Dbhghaill,
    Fuair mé an scéal ó Pádhraig ó Kathaigh,
    Na Duganna,
    Gaillimh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT0782: Midas and the Ass's Ears
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádhraig O Fathaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Duganna Nua, Co. na Gaillimhe