Scoil: Anach Cuain

Suíomh:
Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
R. S. Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anach Cuain
  2. XML Leathanach 0018
  3. XML “Pisreoga Eanach Cuain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní ceart bainne a thabhairt do cómhursain la Bealtaine mar racadh an tádh leis.
    Bláthanna a chur suas ar an teach lá Bealtaine. Ní ceart splanc teine nó luaithe a chur amach as an teach.
    Gan an bhó a bleághan amuigh san bpáirc an maidin sin agus aire maith a thabhairt dí ar feadh na hoidhche. Ní ceart maistreadh a dhéanamh an lá sin. Ceithre mhaide a chur thart timcheall na páirce agus bheadh barra maith agat.

    Níl aon ádh san ait a bfuil snag breac.
    Má bfeiceann tú bean le gruaig dearg nuair atá tú ag dul go dtí an aonach ní bheidh aon ádh ort.
    Splanc a cur faoi an chuinneóg roimh an maistreadh agus dul thart timcheall air trí úaire agus gráine salainn a chur isteach ann.
    Tú féin a choisrigh trí úaire nuair atá tú ag dul thar reilig san oidhche.
    Ní bheidh aon ádh ar lánamhain óg má tá níos mó ná trúir ban posta ag an bainis.

    Is ceart do fear le gruaig dubh an doras a foscailt an céad lá de'n bhliain.
    Piosa admhaid a chur san teine an oidhche sin agus nuair atá leath dhe dóighte an leath eile a thógaint amach agus é a congbháil le haghaidh an blian in a dhiaidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Dubhláine
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe