Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-fhocla Eanach CuainIs fearr stuaim ná neart.
Is fearr éan ar an láimh ná dhá éan ar an gcraobh.
An té atá shuas óltar deoch ar, 's an té atá shíos buailtear cos air.
Tosach maith leath na h-oibre.
Ballaí fuara a dhéanas bean-tighe suarach.
Is dall duine i dteach duine eile.
Ní hé lá na gaoithe lá na sgolbh.
Ní féidir le mála follamh seasamh.
Is geal le sgíth malairt oibre.
Is goire cabhair Dé ná an doras.
'Sé an fear saidhbhir dá ríre an fear nach bhfuil uaidh ach beagán.
Má's cam díreach an bóthar sé an slíghe mór an t-aithgiorra.
Níor dun Día bearna ríamh nár fhóscail sé ceann eile.
Is trom cearc i bhfad.
Is fearr leath na meath.
Bíonn blas ar an mbeagán
Ceannaigh an droch rud is beidh gan aon rud.
Is trom an t-ualach an leisge.
Má's mian leat aithne a chur ar do cáirde déan dearmad eicínt.
Is deas íad na cnuic i bhfad uainn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Ní Chaomhánaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Baoghail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lisín an Óráin, Co. na Gaillimhe