Scoil: Anach Cuain

Suíomh:
Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
R. S. Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anach Cuain
  2. XML Leathanach 0003
  3. XML “Sceach Cholm Cille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sgeach lúbhtha ag fás sa gceantar seo. Glaodhtar sgeach Colm Cill ar. Fadó nuair bhí Naomh Braonán ag fanacht i nEanach Cuain tháinig a chairid Naomh Colm Cill ar cuairt chuige. Tháinig sé annseo ó Arainn agus bhí grádh mór aige ar an áit sin. Bhí sé ar cuairt ag Naomh Éanna annsin agus nuair bhí sé ag fágáil Eanach Cuain cuala sé clog an teampaill i nÁrainn. Stad sé ag éisteacht leis. Nuair thosuigh sé ag siubhal aríst níor chuimhnigh sé ar a mhaide shiubhal a bhí thíos sa talamh. D'imthig sé leis aríst agus tar éis tamaill d'fhás crann sgeithe i náit an maide shiubhail.
    Tá an sgeach sin le feiceál i n-aice na reilge fós agus deirtear nach mbeidh doirteadh folladh i bhfoisgeacht trí míle den sgeich. Deirtear freisin nach ndeanfaidh tinntreach aon dochar timpeall na h-áite.
    Sean tuairim eile i seadh, nach dtuitfidh an crann sin go ndeire an domhain.
    Nuair tá duilleabhar maith ar an crann bí cinnte go mbeadh fóghmhair maith agus torraí, barraí agus gach rud go maith againn an bliain sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Liam Ó Caomhánach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe