Scoil: Currach

Suíomh:
An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An Bráthair Joachim
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0079

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Currach
  2. XML Leathanach 0079
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire, Comhartha Báistí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1 Nuair a bhíos na géana fiadháine ag eitilt ó thuaidh.
    2 Nuair a bhíos na fáinleóga ag eitilt go h-íseal.
    3 Nuair a bhíos na cuileóga go h-íseal.
    4 Nuair a luigheann na faoileín a bpáirc glais.
    5 Nuair a bhíos na préacháin ag eitilt go h-íseal agus ag sgréachghail.
    6 Nuair a bhíos an crutach ag sgréachghail.
    7 Nuiar a thagann an leipreachán lathaighe isteach sa teach.
    8 Nuair a thosuigheann an peilibín ag sgeáchghail.
    9 Nuair a thagann an phéisteog ós chionn na talmhan.
    10 Nuair a iompuigheann an cat a iorball cun na teineadh.
    11 Nuair a thosuigheann an mada ag ite féir.
    12 Nuair a cuireann an laoigh a thóin leis an ngaoth.
    13 Nuair a luigheann na caoirigh faoi'n mballa.
    14 Nuair a bhíos gríosaigh ioldathacha ar an teine.
    15 Nuair a thuiteann suaith anuas de'n simléar.
    16 Má théigheann an deatach ar claonadh ó'n t-simléar.
    17 Má chítear fáinne in aice leis an ngealach.
    18 Muna mbíonn na sléibhte le feicéal.
    19 Muna théigheann an ghrain faoi go dearg.
    20 Nuair a bhíos an ghaoth ag séidheadh ó'n taobh thiar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinsias Ó Cearbhaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cearbhaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe