Scoil: Currach

Suíomh:
An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An Bráthair Joachim
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0064

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0064

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Currach
  2. XML Leathanach 0064
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus a bhean ann fadó, agus bhí siad an-bhocht. Bhí sean-bhó aca. Chuaidh an fear go dtí an aonach leis an mbuin. Ar a bhealach tháinic sidheóg go dtí é, agus dubhairt sí leis an bhfear go dtiubhradh sé buidéal dó ar an mbuin, agus gach uair a bhaineadh sé an corc de, thiocfadh féasta breágh ós a chomhair. Dubhairt an fear go raib sé sásta. Thug an sidheóg an buidéal dó agus chuaidh sé abhaile. Nuair a shroich sé an teach d'iarr a bhean air cé mhéad a fuair sé ar an mbuin. Bhain seisean an corc de'n bhuidéal, agus tháinic féasta breágh ós a gcomhair. Bhíodar ag eirighe saidhbhir annsin. Chualaidh an riogh faoi'n mbuidéal, agus cheannuigh sé ó'n bhfear é. In a dhiaidh sin bhíodar ag eirighe bocht. Bhí bó aca. Chuaidh an fear go dtí an aonach léi arís. Casadh an sidheóg leis arís, agus dubhairt sí go dtiubhradh sí buidéal eile dó ar an mbuin, agus gach uair a bhainfeadh sé an corc de thiocfadh saighdiúirí agus mharbhuigheadh siad gach a bheith rómpa. Dubhairt an fear go raibh sé sásta. Chuaidh sé abhaile leis an mbuidéal. An oidhche sin bhí féasta mór ag an ríogh, agus thug sé an cuireadh do gach duine timcheall na h-áite ach amháin an fear seo, agus a bhean. Nuair bhí an féasta ar siubhal chuaidh an fear seo go dtí é. Bhain sé an corc de'n bhuidéal. Tháinic na saighdiúirí agus bhíodar ag marbhú na ndaoine. Dubhairt an ríogh leis, an corc a cur sa mbuidéal. Dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinsias Ó Cearbháill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cearbháill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe