Scoil: Currach

Suíomh:
An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An Bráthair Joachim
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0091

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0091

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Currach
  2. XML Leathanach 0091
  3. XML “Scéalta i dtaobh Sióg”
  4. XML “Scéalta i dtaobh Sióg”
  5. XML “Scéalta i dtaobh Sióg”
  6. XML “Scéalta i dtaobh Sióg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear bocht agus a bhean in a gcomhnuidhe i dteach ar thaob an bhóthair. Ar an uair sin bhí mada sidheóige ag dul thart an sráid-bhaile ag iarraidh bidh le n-ithe. Tháinic an mada go dtí an teach seo agus luigh sé ar an gcruaich mhóna a bhí ar thaobh an tighe. I gceann dhá lá d'imthigh sé agus tháinic sé ar ais arís an lá in a dhiaidh sin. An lá sin chuaidh an fear an tighe amach, agus chonnaic sé an mada. Dubhairt sé le na mhnaoi "tá an mada sin ag fághail bháis le ocras, agus níl aon duine ag teacht chun é a thógháil abhaile. Tabhair isteach é agus tabhair bidh dó." Thug an bhean an mada isteach agus thug sí bidh dhó. Tar éis seachtmhaine d'imthigh an mada agus tháinic sé ar ais le bó bhán. Sidheóg dob eadh an bhó. Bhí úth an bhó ag eirigh mhór agus dubhairt an fear leis an bhean. "Ba maith duit an bhó sin do bhleaghán nó go n-éireóchaidh úth an bhó go dona." Thosuigh an bhean ag bleagain an bhó agus nuair bhí an bhó bleaghainte aice bhí gach cana agus gach pota sa teach líonta le bainne. Nuair a dhéanann siad cuigeann leis an t-uachtar bhí go leor im acha. D'éirigh siad an saidhbhir. Bhí laoigh ag an mbuin. Bhí inghine an fear tar éis fear a phósadh agus thug an fear an laogh do'n chailín mar spré. Bhí an t-ádh ar an laog agus thug sé an t-ádh do'n inghean agus d'eirigh sí saidhbhir agus d'imthigh an t-ádh de'n fear arís.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí ceathrar fear ag baint coirce le coránaí lá amháin. D'eirigh ghirrfiadh ins an corce. [!] Caith fear a chorán indhiaidh an girrfiaidh. Bhí fear ciotach ann. Chaith seisean a corán indiaidh é, agus bhuail sé é. D'fhan an corán ar dhruim an girrfiaidh agus é ag imtheacht as amharc. Bliain in a dhiaidh sin chuaidh an fear sin go dtí aonach. Chonnaic sé teach beag ar thaobh an bhóthair. Chuaidh sé isteach ann chun a phíopa a dheargadh. Chonnaic
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.