Scoil: Currach
- Suíomh:
- An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Bráthair Joachim

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0084
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach
- XML Leathanach 0084
- XML “Cnoc na Tuagh”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí argóint idir Ó'Ceallaigh taoiseach as oirthear na Gaillime, agus De Búrca Íarla Clann Richard. D'iarr Ó Ceallaigh cabhair ar Íarla Cille Dara. Bhí áthas ar Íarla Chille Dara cabhair a thabhairt dó, mar níor thaithnigh De Búrca leis. Bhí inghean an Íarla pósta le De Burca agus ní raibh sé go lághach léití.
Tháiniceadar le chéile ag Cnoc Tuath agus tugadh cath annsin eatorra san mbliain 1504 A.D. Bhí cuid de na taoisigh Gaedhealacha as an taobh thuaidh ag cabhrú le Ó'Ceallaigh agus an Íarla agus bhí cuid de na taoisigh Gaedhealacha as an taobh teas ag chabrú le De Búrca. Bhí an bhuaidh ag Ó'Ceallaigh agus an Íarla agus bhí áthas orra. Thug Íarla Cille Dara tríocha tonna fíon dá chuid fear mar gheall ar an gníomh a rinne siad.- Bailitheoir
- Proinsias Ó Cearbhaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cearbhaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- SgéalChuaidh fear bocht go Sasana uair amháin. Casadh fear bocht eile leis. Chuaidh an bheirt aca isteach i dteach-ósta. D'iarradar béile ar bhean an tighe. Thug sí béile breágh dóibh. D'itheadar agus óladar a sáith. Annsin dubhairt an t-Éireannach leis an Sasanach. "Íocfaidh mise as", "Íocfaidh mise as" ars an Sasanach. Bhíodar ag argóint mar sin agus ní raibh pighinn ag aoine aca. Sa deireadh dubhradar le bean an tighe "Cuir púicín ort agus an chéad duine a bhéarfaidh tú greim air chaithfidh sé a íoch." Chuireadar an(leanann ar an chéad leathanach eile)