School: Currach

Location:
An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0084

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0084

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0084
  3. XML “Cnoc na Tuagh”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí argóint idir Ó'Ceallaigh taoiseach as oirthear na Gaillime, agus De Búrca Íarla Clann Richard. D'iarr Ó Ceallaigh cabhair ar Íarla Cille Dara. Bhí áthas ar Íarla Chille Dara cabhair a thabhairt dó, mar níor thaithnigh De Búrca leis. Bhí inghean an Íarla pósta le De Burca agus ní raibh sé go lághach léití.
    Tháiniceadar le chéile ag Cnoc Tuath agus tugadh cath annsin eatorra san mbliain 1504 A.D. Bhí cuid de na taoisigh Gaedhealacha as an taobh thuaidh ag cabhrú le Ó'Ceallaigh agus an Íarla agus bhí cuid de na taoisigh Gaedhealacha as an taobh teas ag chabrú le De Búrca. Bhí an bhuaidh ag Ó'Ceallaigh agus an Íarla agus bhí áthas orra. Thug Íarla Cille Dara tríocha tonna fíon dá chuid fear mar gheall ar an gníomh a rinne siad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéal
    Chuaidh fear bocht go Sasana uair amháin. Casadh fear bocht eile leis. Chuaidh an bheirt aca isteach i dteach-ósta. D'iarradar béile ar bhean an tighe. Thug sí béile breágh dóibh. D'itheadar agus óladar a sáith. Annsin dubhairt an t-Éireannach leis an Sasanach. "Íocfaidh mise as", "Íocfaidh mise as" ars an Sasanach. Bhíodar ag argóint mar sin agus ní raibh pighinn ag aoine aca. Sa deireadh dubhradar le bean an tighe "Cuir púicín ort agus an chéad duine a bhéarfaidh tú greim air chaithfidh sé a íoch." Chuireadar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1731: The Youth and the Pretty Shoes
    Language
    Irish
    Collector
    Proisias Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe