Scoil: Currach
- Suíomh:
- An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Bráthair Joachim

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0088
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach
- XML Leathanach 0088
- XML “Leipreacháin”
- XML “Leipreacháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teach níos deasa agus níos áilne ná teach a dhreathár. Bhíodar chomh saidhbhir sin is go raibh cailíní agus gasúir ag obhair agus iad ag dul thart timcheall na tíre in a ngluaisteán. Lá amháin bhí ortha féile a dhéanamh, agus bhí daoine ó Baile Átha Cliath ag teacht síos go dtí an féile, agus thóg an bhean teach Samhraidh sa lios na leipreachán. Nuair a bhí an teach déanta acha tháinich an leipreachán agus dubhairt sé leis an bhfear "Nár dhúbhairt mé leat gan aon rud a dhéanamh ar mo lios. Annsin thuit an teach Shamhraidh agus nuair [!]
- Bhí fear in a chomhnuidhe i dteach beag uair amháin. Bhí sé ina shiúnéar. Gheibheadh sé airgead agus chaitheadh sé é. Oidhche amháin bhí sé ar chuart. Chuala sé go raibh leipreachán sa lios. Chuala sé go bhfaca fear an leipreachán ach thóg sé a shúl de agus chuaidh sé.
Oidhche amháin timcheall a h-aon déag a chlog, chuaidh sé go dtí an lios, agus chuaidh sé ar thóir an leipreacháin ach níor fhéad sé é a fhagháil. Bhí sé ag dul abhaile annsin agus díreach san am sin chuala sé an leipreachán fé sgáth na gcrann. Bhí 'tic tic' ar a bhróig aige. Chuaidh an fear go dtí é. D'iarr sé ar an leipreachán pota óir a thabhairt dhó. Dubhairt an leipreachán go raibh an pota óir ar bun an crainn áird sin. Chuaidh an fear abhaile go bhfuigheadh sé laidhe. Tháinic an fear agus thosuigh sé ag ar thóir an pota óir. Tar éis tamaill chonnaic sé bosca beag. Cheap sé go raibh óir ins an mbosca, ach nuair a d'fhoschail sé é bhí cheap agus casúr istigh ann. Bhí fearg air an fear annsin agus chonnaic sé páipéar agus bhí sgríobhtha ar "Déan do obair go maith." Rinne sé a obair go maith agus tar éis tamaill bhí a lán airgid aige.- Bailitheoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chora Íochtair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chora Íochtair, Co. na Gaillimhe