School: Currach
- Location:
- Currylaur, Co. Galway
- Teacher: An Bráthair Joachim
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1 Nuair a bhíos na géana fiadháine ag eitilt ó thuaidh.
2 Nuair a bhíos na fáinleóga ag eitilt go h-íseal.
3 Nuair a bhíos na cuileóga go h-íseal.
4 Nuair a luigheann na faoileín a bpáirc glais.
5 Nuair a bhíos na préacháin ag eitilt go h-íseal agus ag sgréachghail.
6 Nuair a bhíos an crutach ag sgréachghail.
7 Nuiar a thagann an leipreachán lathaighe isteach sa teach.
8 Nuair a thosuigheann an peilibín ag sgeáchghail.
9 Nuair a thagann an phéisteog ós chionn na talmhan.
10 Nuair a iompuigheann an cat a iorball cun na teineadh.
11 Nuair a thosuigheann an mada ag ite féir.
12 Nuair a cuireann an laoigh a thóin leis an ngaoth.
13 Nuair a luigheann na caoirigh faoi'n mballa.
14 Nuair a bhíos gríosaigh ioldathacha ar an teine.
15 Nuair a thuiteann suaith anuas de'n simléar.
16 Má théigheann an deatach ar claonadh ó'n t-simléar.
17 Má chítear fáinne in aice leis an ngealach.
18 Muna mbíonn na sléibhte le feicéal.
19 Muna théigheann an ghrain faoi go dearg.
20 Nuair a bhíos an ghaoth ag séidheadh ó'n taobh thiar.(continues on next page)- Collector
- Proinsias Ó Cearbhaill
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Cearbhaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway