School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0087

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0087

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0087
  3. XML “Leipreacháin”
  4. XML “Leipreacháin”
  5. XML “Leipreacháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Leipreacháin
    Bhí bean ag siubhal treasna na páirce lá. Sgoirr a cos agus thuit sí. Chonnaic leipreachán í, agus thosuigh sé ag gáire. D'eirigh an bhean go feargach. Rith sí in a dhiaidh an leipreacháin. Rug sí air. "Cé'n fáth ar thosuigh tú ag gáire" ar sise. "Leag tú do chos ar an áit a raibh pota óir, agus sgoirr tú" ars an leipreachán. "Romhar suas an áit a thuit tú agus gheobhfaidh tú pota óir." Romhar sí suas é, agus fuair sí pota óir Leig sí amach an leipreachán annsin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. leprechauns (~1,007)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinsias Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
  2. Bhí fear ag teacht abhaile oidhche amháin. Chonnaic sé leipreachán, agus rug sé air. "Tabhair pota óir dom" ar seisean. "Ní thiubhraidh mé aon phota óir duit" ars an leipreachán. "muna mbeidh tú indon mé a coinneál ar feadh bliadhna." Thug an fear an leipreachán abhaile leis. Coimeád sé é go dtí an lá deireadh. Bhí an fear amuigh, agus thosuigh an leipreachán ag rádh leis an mhnaoi "imtheochaidh mé imtheóchaidh mé" "Imthigh agus an diabhal leat" ars an bhean. D'imthigh an leipreachán agus ni fhuaireadar aon pota óir.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Bhí fear agus a bhean in a gcomhnuidhe i dteach bheag agus a clann. Bhí siad an-bhocht. Bhí dreathár an fhir i Americá agus bhí sé an-saidhbhir. Tháinich sé abhaile agus thóg sé teach mhór dheas. Ní raibh an fear bhocht sásta le n-a dreathár a bheith níos saidhbhre ná é féin. Lá amháin bhí sé ag siubhal ar an mbóthar. Chas leipreachán air agus thosuigheadar ag cainnt. Níor chorruigh an fear a shúl as an leipreachán nó gur thug sé an pota óir dhó. Thug an leipreachán an óir dó, ach dubhairt sé leis gan aon rud a dhéanamh ar an líos a bhí i bpáirc an fhir bhocht. Thug an fear an pota óir abhaile leis agus thug sé dá mhnaoi é. Thóg an fear
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.