School: Currach
- Location:
- Currylaur, Co. Galway
- Teacher: An Bráthair Joachim

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0096
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Currach
- XML Page 0096
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal GrinnChuaidh fear go dtí Americá uair amháin. Chuaidh sé go Cathar Nua Amhrach. Ní raibh sé ariamh ann roimhe sin. Bhí iongnadh air, nuair chonnaic sé na tighthe móra breághtha. Chonnaic sé fear ag féachaint amach tré fuinneog, agus thosuigh sé ag cainnt leis. "Nach breágh na tighthe sa chathair séo" ar seisean. "Is breágh" ars an fear eile "acht níl ionnta ach stáblaí i gcomh mheas leis na tighthe sa cathair eile" "Bhí mé ag ceapadh é sin" ar seisean "nuair chonnaic mé an asal ag féachaint amach tríd an bhfuinneóig. Ní raibh aon airgead ag an bhfear seo, agus ní raibh fhios aige cé'n chaoi a gheobhfadh sé bidh. Chonnaic sé siopa agus bhí a lán buillín ar an bhfuinneóg. Bhí triúr buachaill ag imirt taobh amuigh de'n siopa. D'iarr sé ortha rása a rith, agus an duine a gheobhfadh an bhuaidh thiubhradh sé sgilling dó. Ritheadar, agus chaith an fear cloch tríd fuinneóg an siopa. Tháinic an siopadóir amach, agus dubhairt sé "cé caith an cloch tríd an bfuinneóg." "Féach na buachallaí ag rith" ars an fear. As go bráth leis an siopadóir indhiaidh na buachallaí, agus chuaidh an fear isteach sa siopa, agus dith sé a shaith de na builíní.
- Collector
- Seán Ó Dálaigh
- Gender
- Male
- Address
- Clogh South, Co. Galway
- Informant
- Donnachadha Ó Dálaigh
- Gender
- Male
- Address
- Clogh South, Co. Galway
- Sgéal GrinnBhí feilméar in a gcomhnuidhe i dteach ar thaobh an bhóthair. Bhí capall maith aige. Bhí poitín sa teach aige freisin. Ní raibh cead ag duine poitín a bheith sa teach. Lá amháin d'fhéach sé amach an bhfuinneóig agus chonnaic sé na gárdaí ag teacht. Rug sé ar umar an poitín, agus(continues on next page)