School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0068

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0068

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0068
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus a bhean ann fadó Colm dob ainm do'n fhear agus Úna dob ainm do'n mhnaoi. Bhí a lán oibre le déanamh ag an mhnaoi. Bhí go leor lín le sníomh aice. Tráthnóna amháin tháinic fear isteach chuice. Chuir Úna na mílte fáilte roimhe. "Tá fhios agam" ars an fhear "go bhfuil a lán oibre le déanamh agat. Má thugann tú an méid lín atá le sníomh agat dom-sa bhéarfaidh mé arais chugat é, an tráth seo tráthnóna amárach, agus gach uile ribe de sníomhta in a snáth dhuit. Tá go leór chongnamh agam sa mbaile, agus ní bheidh siad i bhfad leis. Breasal Bán 'seadh an t-ainm atá orm. Muna mbeidh tú indon m'ainm innseacht dom nuair a thiocfaidh mé caithfadh tú teacht liom." "Bhéarfaidh mé an lín dhuit agus fáilte" arsa Úna. Thug Úna an lín dó, agus d'imtigh sé. Nuair tháinic Colm abhaile d'innis sí a sgéal dó. Dubhradar an Paidrín nuair a bhí an suipéar ithte aca. Rinne Úna dearmad ar ainm an duine. Ní raibh fhios aice cad a dhéanfadh sí. Dubhairt sí le Colm dul a codladh. Chuaidh sí amach agus tháinic sí go dtí cnoc beag. Chualaidh sí na sidheóga ag rádh "Beidh bean óg ag Breasal Bán. "Sin é ainm an fhir" dubhairt sí léi féin. Chuaidh sí abaile. Nuair tháinic an fhear lá ar na bharach chaith sé an snáth i lár an urláir. Dubhairt Úna "go bhfaga Dia do shláinte agat a Bhreasail Bhain." D'imthigh an fear go feargach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0500: The Name of the Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Proinsias Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway