School: Currach
- Location:
- Currylaur, Co. Galway
- Teacher: An Bráthair Joachim
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Currach
- XML Page 0067
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tháinic cailín breágh ós a chomhair. Dubhairt sí leis go mbeadh air í a fhághail amach sul a mbeadh an bhliain caithte. Muna mbeadh sé indon marbhóchfaidhe é. Dubhairt sí leis go raibh a lán con crosta timcheall a tighe, ach go mbeadh siad go léir in a gcodhladh ag a dó a chlog san oidhche. D'imthigh an chailín annsin. Thosuigh an fear ar a bhealach ag iarraidh í a fhághail. Tháinic sé go dtí teach fathaigh, agus chuaidh sé isteach ann. D'innis sé a sgéal do'n fhathach. Dubhairt an fathach go raibh eolas aige ar an áit a bhí an cailín sin in a comhnuidhe. D'imthigh an fear go dtí an áit a dubhairt an fathach leis. Nuair shroich sé an áit bhí na cuin in a gcodladh. Chuaidh sé isteach sa teach agus chonnaic sé an cailín. Thóg sé leis í ar an gcapall. Ní raibh siad i bhfad imthighthe nuair chonnaic siad na fir a bhí sa teach ag teacht in a ndiaidh ar capaill. Dubhairt an cailín leis an bhfear a lámh a chur sa chluais dheis de'n chapall. Rinne sé amhlaidh agus fuair sé píosa chipín ann. Chaith sé in a dhiaidh é, agus tháinic coill mhór in a ndiaidh. Ní raibh na daoine eile indon teacht tríd. Thosuigheadar ag gearradh na gcrann. Níor'bh fhada go raibh siad in a dhiaidh arís. Dubhairt an cailín leis an bhfear a lámh a chur sa chluais clé de'n chapall. Rinne sé amhlaidh, agus fuair sé braon uisge. Caith sé in a dhiaidh é agus tháinic loch mhór in a ndiaidh, agus báitheadh na ndaoine a bhí in a dhiaidh. Chuaidh an fear abhaile leis an gcailín. Pósadh iad, agus mhair siad go sásta in a dhiaidh sin.
- Collector
- Proisias Ó Cearbhaill
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Cearbhaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway