School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0066

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0066

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0066
  3. XML “Caisleán Choradh Finne”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá caisleán Coradh Finne suidhte in aice le abha an Chláir i sráid bhaile Coradh Finne. Risceárd de Búrca a thóg é sa mbliain 1451 A. D. Chomhnuidhe na Búrcaigh ann. Tá na ballaí cúig troigh ar leithead. Tá an doras seacht troigh ar aoirde. Tá staighre ag dul suas go dtí barr an chaisleáin. Tá an staighre ag dul go díreach cuid dá bhealach ach tá sé ag dul cam an cuid eile. Ós cionn an dorais tá poll ar a dtugtar poll na marbh. Nuair thagadh na náimhde go dtí an doras ag iarraidh é a chuir isteach chaitheadh na daoine a bhí istigh clocha móra, nó uisge beirbhthe, nó tara te anuas ortha. Tá polla annseo is annsúd ar fud an chaisleáin. Caitheadh siad clocha móra amach tré na pollaibh sin ar na náimhde. Tá an caisleán tríocha troighthe ar aoirde, ach féachann sé mar thuit cuid de.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann fadó, agus bhí sé ag dul treasna na páirce gach maidin go dtí an áit a bhí sé ag obair. Maidin amháin chonnaic sé coinneal ag lasadh ar an talamh. Bhí an ghaoth ag séideadh, agus ní raibh sé ag múchadh an coinnil. D'fhág sé annsin é. An maidin in a dhiaidh sin bhí sé ann freisin. Thóg sé suas in a láimh é, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Proisias Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway