School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0098

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0098

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0098
  3. XML “Tobar Beannaithe”
  4. XML “Tobar Beannaithe”
  5. XML “Tobar Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ghéig. Annsin fuair sé amach go raibh sé ag dul an chaoi cheart. Annsin tháinic sé anuas agus chuaidh sé síos ar a glúnaibh chun ghuidhe le Dia nuair nach ndheacaidh sé as a bhealach. An áit a chuaidh sé síos ar a glúna tháinic poll ann, agus bhí an uisge ag brúghadh síos go ndearnaidh sé tobar. Tá gach cuid de'n chrann lobhtha anois acht an ghéig do sheas Naomh Pádraig air. Is é Naomh Pádraig pátrún an tobar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá tobar beannuighthe i gCnoch an Tuagh. Téigheann daoine ann ar an Domhnach deire de Mhí na Iúl. Deireann siad an Paidrín Pairteach, agus déanann sia Turas na Croise. Thugann na daoine cuid de'n uisge abhaile. Ólann na daoine é a mbíonn sgoilteacha ortha, agus tá sé indon é a leigheasú. Is é Naomh Briain pátrún an tobar.
    Do bhí Naomh Briain an-bhocht, agus bhí sé dall. Lá amháin chuaidh sé go dtí mainistir a bhí in aice leis an tobar Tháinic cat fiadháin, agus stad sé ag doras na mainistreach, agus dubhairt sé. "Tá an fear-bocht sin dall, acht dá ghlanfadh sé a éadan le uisge an tobair, bheadh sé indon a fheiceál." Cuala Naomh Briain é, agus chuaidh sé go dtí an tobar. Ghlan sé a éadan leis an uisge, agus bhí sé indon a fheiceál.
    Tamall roimhe sin, chaill sé a camóg in abhainn agus fuair sé é sa tobar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán de Búrca
    Gender
    Male
    Address
    Curry Eighter, Co. Galway
    Informant
    Pádraig de Búrca
    Gender
    Male
    Address
    Curry Eighter, Co. Galway
  3. Tá tobar beannuighthe sa mbolán. Bhí Naomh Pádraig ag dul go dtí Mainistir eigin lá agus chuaidh sé ar a glunaibh chun guidhe le Dé, san áit a bhfuil an tobar sin, agus tháinic an uisge suas ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.