School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0072

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0072

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0072
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Oíche Nollag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chomh áluinn is bhí sí. Chaith sé trí céad bliain ann. Annsin dubhairt sé leis an gcailín gur mhaith leis a athair agus na Fianna a fheicéal, ach dubhairt an cailín go raibh siad go léir marbh, ach ní chreidfeadh Oisín í. Thug an chailín a chapall bhán dó, agus dubhairt sí leis gan a chos a leagadh ar thalamh Éireann. Nuair shroic sé Éireann bhí brón an domhain air mar níor aithne sé aoine ann. Chonnaic sé sgata fear ag iarraidh cloch mór a árdú. Dubhairt Oisín go raibh sé indon é a árdú. Chrom sé síos agus thuit sé de'n chapall, agus tháinic sé in a shean-fhear. Fuair sé bás tamall in a dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tugtar Oidhche Nodlag ar an oidhche roimh Lá Nodlag, agus tá Oidhche Nodlag ar an ceathradh lá fichead de Mhí na Nodlag. Bíonn a lán oibre le déanamh ag bean an tighe ag an am sin. Bíonn sí ag glanadh an tighe, agus ag dathú na ballaí le aoil. Téigheann na buachallaí amach sa gcoill agus tugann siad eidhneán agus cuilleann agus labhrás isteach, agus cuireann siad suas ar na ballaí agus ar na fuinneóghaibh iad. Tugtar géag de chrainn isteach, agus cuirtear síos i dtubán é, agus cuirtear cré isteach sa dtubán.
    An oidhche sin crochtar a lán féiríní ar an ngéig agus scríobhtar ainm de gach duine sa teach ar féirín
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Christmas (~455)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinsias Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway